An leabhar Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

An leabhar Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Bronnann an leabhar seo cuntas cuimsitheach orainn ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaí a raibh lámh acu le Gluaiseacht na Gaeilge san fhichiú haois, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ó thús go deireadh a saolré. Tá scéal na Comhdhála ina scáthán ar imeachtaí deonacha, go speisialta, na Gaeilge san aois seo caite agus tugann an leabhar an-taifead ar an dúthracht a thug scata mór díograiseoirí chun cás na teanga a fheabhsú agus a neartú.

Tá stair seo na Comhdhála bunaithe den chuid is mó ar bhunfhoinsí a thugann léargas ar éagsúlacht agus ilghnéitheacht na réimsí oibre ar thug an Chomhdháil fúthu. Saibhrítear an cuntas seo le peannphictiúir ó dhaoine a raibh nasc áirithe acu leis an gComhdháil.

Arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR. Is féidir an leabhar seo a ordú ó shuíomh LeabhairCOMHAR nó leabhaircomhar@comhar.ie.

Ordaigh

Údar: Máiréad Ní Chinnéide

Scríbhneoir, iriseoir agus eagarthóir ab ea Máiréad Ní Chinnéide. Bhain sí céim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis amach ón gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i 1963. I measc a saothair próis, tá: Cnoc na Sí (1976), Bainne na Bó (1986), Máire de Buitléir: Bean Athbheochana (1993), Ag tógáil clainne le Gaeilge–Speaking Irish at Home (2001), An Damer: Stair Amharclainne (2008) agus Scéal Ghael-Linn (2013). Mar iriseoir, chuir sí go leor alt agus agallamh ar fáil do na nuachtáin The Irish Times, Scéala Éireann, Anois agus Foinse chomh maith leis na hirisí Feasta agus Comhar.

Máiréad Ní Chinnéide

Eagarthóir: Aonghus Ó Lochlainn

Craoltóir as Baile Átha Cliath is ea Aonghus Ó Lochlainn, a bhfuil roinnt mhaith blianta caite aige ag obair in earnáil na Gaeilge. Bíonn sé le cloisteáil go minic ag tuairisciú ar Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta agus BBC Raidió Uladh, agus ag léiriú cláracha faisnéise, lena n-áirítear sraith comhpháirtíochta an leabhair seo.

Aonghus Ó Lochlainn

Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@comhar.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.