Clár 1

0:00 / …

Clár 2

0:00 / …

Clár 3

0:00 / …
Scéal na Comhdhála (Raidió na Life 2018)

Sraith raidió

Sa tsraith seo, Scéal na Comhdhála, arna léiriú ag Raidió na Life, cloistear gné phearsanta scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge—cén saghas duine a bhí gníomhach léi, cén ról a bhí aici in eangach chasta na n‑eagraíochtaí deonacha Gaeilge, agus cén oidhreacht a d’fhág sí ar bheatha daoine agus ar shaol na Gaeilge i gcoitinne.

Aonghus Ó Lochlainn, eagarthóir Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a léirigh agus a láithrigh an tsraith seo. I measc na nguthanna a chíorann scéal na Comhdhála le hAonghus tá Helen Ó Murchú, Julian de Spáinn, agus Seán Ó Cuirreáin, is iad ag léiriú a dtuairimí agus a saintaithí ar an scéal.

Fiosraíonn an tsraith an deireadh obann a tháinig leis an eagraíocht chomh maith. Féachtar ar na haighnis a bhí le brath idir na heagraíochtaí deonacha Gaeilge, an Stát, agus Foras na Gaeilge; cén fáth gur cuireadh deireadh leis an gComhdháil; agus déantar plé freisin ar shuíomh reatha na Gaeilge agus breis agus 5 bliana caite ó chuíchóiriú chinniúnach na hearnála—an níos láidre nó níos laige atá an suíomh anois?

Fuair an tsraith maoiniú ó scéim Fuaim & Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.

Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@comhar.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.